Seo cuireadh ag an gCoimisiún Eorpach le gníomhartha nithiúla a chur i gcrích, le torthaí a mheasúnú agus le feasacht a spreagadh tuilleadh faoin riachtanas atá ann le básanna taisme ar bhóithre a laghdú.
Tugtar fíoraitheantas do gach aonán a thugann ceangaltas don Chairt Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre. Bíonn gníomhartha agus tionscnaimh shábháilteachta ar bhóithre a chuirtear i gcrích ag ár gcuid ball á gcur ar fáil don phobal trí mheán suíomh gréasáin na Cairte. Cuireann an infheictheacht seo ar chumas daoine eile bheith ag foghlaim agus bheith spreagtha le gníomhartha den chineál céanna a chur i gcrích, nó fiú gníomhartha atá níos nuálaí arís.
Trí cheangaltas a shíniú, is féidir le rannpháirtigh dul i bhfeidhm ar bhealach dearfach ar cheann amháin, ar a laghad, de na ceisteanna tábhachtacha seo a leanas a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre, ceisteanna atá mar chnámh droma do chur chuige comhtháite i leith na sábháilteachta ar bhóithre:
Ní chuireann baill thiomanta le laghdú líon na mbásanna agus na dtaismí gach bliain amháin; tá a gcuid gníomhartha ag laghdú tionchar timpeallachta na dtimpistí bóthair, rud a laghdaíonn an costas ard airgeadais, a mhéadaíonn aird an phobail agus a chuireann feabhas ar a gcuid freagrachta corparáidí féin.